Cumann Gaelach na Lucsambuirge

Nov 12

Cumann Gaelach na Lucsambuirge

One of the oldest vernaculars in Western Europe, the Irish language (Gaeilge na hÉireann) has been continuously spoken in Ireland since the 8th century B.C., while its rich literary tradition traces its roots to the 6th century A.D.

Despite the pressures of globalisation, Irish is today proving to be one of the most dynamic and resilient minority languages in the world.

Over 1.57 million people in Ireland (2002 Census), supported by newspapers, magazines, a thriving book publishing industry, TV and radio, can speak the language. Since 1937 it has been Ireland’s first official language while from 2007 it will be recognised as an official language of the European Union.

“Cumann Gaelach na Lucsambuirge” aims to promote interest in and the use of the Irish language in Luxembourg. Through the medium of informal, sociable monthly meetings, Irish language classes, a book club and other activities, the rich expressiveness and vibrancy of this ancient tongue are both explored and shared by speakers and non-speakers alike. The spectrum of Club membership is remarkably broad – from the curious who don’t speak a single word right through to fluent native speakers!

Tá Gaeilge na hÉireann ar cheann de na teangacha dúchais is seanda in Iarthar na hEorpa. Tá an teanga á labhairt gan bhriseadh in Éirinn ón 8ú gCéád R. Ch. agus téann fréamhacha a traidisiún saibhir liteartha siar go dtí an 6ú Chéad A.D.

D’ainneoin brú an tsaoil reatha, tá an Ghaeilge i measc na mionteangacha is diongbháiltí agus is buansheasmhaí ar chlár na cruinne.

Tá Gaeilge ag os cionn 1.57 milliún duine in Éirinn (Daonáireamh, 2002), agus nuachtáin, irisí, tréimhseacháin, tionscal bisiúil leabhar, staisiúin raidió agus teilifíse mar chrainn thaca acu.

‘S í céad theanga oifigiúil na hÉireann í ó 1937 i leith agus ó 2007 ar aghaidh áireófar i measc teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh í.

Féachann An Cumann Gaelach le suim sa Ghaeilge a chothú sa Lucsamburg maraon lena húsáid a spreagadh i ndúiche na hArd-Diúcachta.

Trí mheán na gcruinnithe sóisialta míosúla, déantar saibhreas agus beocht na seanteanga seo a inniúchadh agus a roinnt i measc cainteoirí agus neamhchainteoirí araon. Baintear feidhm freisin as ranganna Gaeilge, Club Leabhar agus gníomhaíochtaí spraoiúla eile nach iad le spéis sa teanga a mhúscailt. Club oscailte is ea an Cumann Gaelach a chuireann fáilte roimh chách, ón spailpín fánach fiosrach nach bhfuil oiread is cúpla focal aige, go dtí an Gaeilgeoir fáinne-chaiteach is díograiseaí dá bhfuil ann!

Author: admin